Fiosrúcháin Teileafóin
Beimid ar fáil chun do ghlaonna a fhreagairt le linn ghnáthuaireanta oifige (9:15am - 1:00pm agus 2:15pm - 5:30pm Dé Luan go Dé hAoine [5:15pm Dé hAoine]). Is é ár n-aidhm ar a laghad 90% de ghlaonna a fhreagairt laistigh de 15 shoicind, a bheith cúirtéiseach, muid féin a chur in aithne agus ár réimse oibre a insint, a bheith cuiditheach agus eolas cruinn soiléir a chur ar fáil duitse - mura bhfuilimid in ann freagra láithreach a sholáthar, sonraí a ghlacadh agus glaoch ar ais ort ag am socraithe. Ní cheanglóimid glaoiteoirí le glórphost ach amháin mura bhfuil an duine gur mian leo labhairt leo ar fáil agus beidh sé mar aidhm againn freagra a thabhairt ar theachtaireachtaí glórphoist laistigh de lá oibre amháin.