Seirbhísí Corparáideacha - Forbhreathnú

Tá roinnt cáipéisí i bhformáid PDF

Déan Acrobat Reader a Íoslódáil

Tá an sprioc eagraíochtúil seo a leanas leagtha amach ag an Roinn di féin:

"Tacú le seachadadh mhisean agus spriocanna earnála na Roinne agus le soláthar seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí trí struchtúir feabhsaithe eagraíochtúla agus tacaíochta, agus scileanna agus inniúlachtaí foirne a fhorbairt de réir an chláir um nuachóiriú na státseirbhíse."

Is iad na dúshláin eagraíochtúla is mó atá le sárú ag an Roinn i láthair na huaire ná conas is fearr í a struchtúrú agus a cuid acmhainní a leithroinnt chun a feidhmeanna a chomhlíonadh, chun tacú leis na hearnálacha laistigh dá phunann agus chun seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a chur ar fáil. Beidh dúshlán suntasach i gceist maidir le cur leis an obair a rinneadh cheana féin chun na struchtúir chomhpháirtíochta idir an bhainistíocht agus an fhoireann a threisiú; scileanna agus inniúlachtaí foirne a fhorbairt; agus timpeallacht oibre dhearfach a chruthú don fhoireann uile.

Déileálfar leis na dúshláin sin trí chlár nuachóirithe na Státseirbhíse a chur i ngníomh go leanúnach, lena n-áirítear forbairt agus cur i ngníomh Straitéis Chomhtháite Acmhainní Daonna; trí chur i ngníomh leanúnach an Chórais Bainistíochta agus Forbartha Feidhmíochta (PMDS) atá dírithe ar fheabhas leanúnach a chur ar fheidhmíocht; trí fhorbairt leanúnach a dhéanamh ar oiliúint foirne spriocdhírithe chun na scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt a bhfuil gá leo chun misean agus spriocanna na Roinne a bhaint amach ar an mbealach is fearr; agus trí sheirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a chur ar fáil.

Leanfaidh an Roinn ar aghaidh ag forbairt agus ag feabhsú a beartais um Sheirbhís do Chustaiméirí trína Cairt do Chustaiméirí a chur i ngníomh. Déan an Chairt do Chustaiméirí a íoslódáil i bhformáid PDF (47Kb) : HTML (19Kb). Cuirfear ár straitéisí um Theicneolaíocht Faisnéise agus ríomhsheirbhísí Rialtais chun cinn freisin chun go mbainfear an leas is éifeachtúla is féidir as na teicneolaíochtaí atá ar fáil chun freastal ar riachtanais na Roinne agus ár gcustaiméirí.