Scéim na Roinne 2009-20012 faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
De bhun Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 tá sé mar dhualgas ar chomhlachtaí poiblí ar nós Rann Rialtais scéimeanna reachtúla a ullmhú ag tabhairt sonraí ar na seirbhísí a chuirfear ar fáil trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla nó an dá theanga araon. Feidhmíodh an chéad Scéim dá leitheid de chuid na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, don tréimhse 2005-2008, go hiomlán agus agus chun sástacht an Choimisinéara Teanga.
Tá Scéim na Roinne 2009-2012 : HTML faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 deimhnithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus éifeacht léi ó 20 Aibreán 2009 i leith. Leanann an dara Scéim seo ag cur i bhfeidhm na ngealltanas a rinneadh sa chéad Scéim maidir le soláthar seirbhísí i nGaeilge agus féachann sí le cur le leibhéal an tsoláthair sin i rith an tréimshe 2009-2012. I measc na ngealltanas seo áirítear suíomh gréasáin corparáideach dátheangach a chothabháil; réimse cáipéisí corparáideacha agus polasaí a chur ar fáil go dátheangach, lena n-áirítear treoirlínte, bileoga eolais agus foirmeacha iarratais; agus fáil ar sheirbhísí dátheangacha ar bhonn idirphearsanta in imthosca áirithe. Tá eolas breise ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil ag www.pobail.ie.
Dara Scéim Teanga – Aighneachtaí a Fuarthas
Foilsíodh fógra preasa ag an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta ar 28 Márta 2008 ag lorg aighneachtaí de bhun Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ó pháirtithe leasmhara maidir le h-ullmhú dréacht-dara Scéime na Roinne. Is sna nuachtáin seo a leanas a cuireadh an fógra: Irish Times, Irish Independent, Irish Examiner, Lá Nua agus Foinse (30 Márta). Is féidir an sé aighneacht a fuarthas a íoslódáil anseo Aighneachtaí a Fuarthas