Dílárú

Tá roinnt cáipéisí i bhformáid PDF

Déan Acrobat Reader a Íoslódáil

Nuair a chuir an tAire Airgeadais a thograí buiséid do 2004 i láthair sa Dáil, chuir sé sonraí ar fáil faoi straitéis an Rialtais do dhílárú na seirbhíse poiblí. Faoi na pleananna sin, aistreofar sa bhreis ar 10,000 státseirbhíseach agus seirbhíseach poiblí chuig 53 suíomh ar leith ar fud na tíre. Bogfar ceanncheathrúna naoi Roinn/n-Oifig Rialtais chuig suímh lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

 

Cuireadh an Roinn san áireanmh sa chéad den chlár díláraithe agus athlonnaíodh igCill Airne, Co Chiarraí í. Críochnaíodh foirgeamh nua oifigí a tógadh i gCill Airne chun na críche sin i mí na Nollag 2008 agus d'aistrigh an fhoireann chuig an gceanncheathrú nua seo roimh an Nollaig 2008.

 

Tá leabhrán faisnéise faoi Chill Airne tiomsaithe ag an Roinn a dhéanann cur síos ar na háiseanna ar fáil i gceantar Chill Airne do na daoine a bhfuil suim acu bogadh chuig an suíomh sin mar chuid den dílárú.
Déan an leabhrán faisnéise faoi Chill Airne a íoslódáil i bhformáid PDF (119Kb) : HTML (56Kb).
Ar an dul céanna, tá leabhrán faisnéise faoi Mhala tiomsaithe ag Fáilte Éireann.
Déan an leabhrán faisnéise faoi Mhala a íoslódáil i bhformáid PDF (184Kb) : HTML (56Kb).
Cuirfear leis na sonraí seo de réir mar a gheofar faisnéis áitiúil bhreise.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:

Ardoifigeach Feidhmiúcháin: (+353 1) 631 3892

Seol facs chuig an Aonad: (+353 1) 631 3887

Seol ríomhphost chuig an Aonad: Humanresources@dast.gov.ie