Cabhair do dhaoine ag baint úsáide as Léitheoirí Scáileáin

An chuma atá ar ár leathanaigh : Nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh : Struchtúr na gCeannteideal : Zúmáil isteach agus clómhéideanna : Eochracha Aicearra : Formáid PDF : Abair linn é

An chuma atá ar ár leathanaigh

Baineann an "chuma agus an bhraistint" chéanna leis na leathanaigh uile ar an suíomh. Seo an chuma atá orthu ón mbarr go dtí an bun:

Ag barr an leathanaigh tá lógó na Roinne Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta agus naisc ghinearálta don suíomh, lena n-áirítear nasc leis an leathanach baile, mapa suímh, leathanach chun teagmháil a dhéanamh linn agus nasc le leathanach chun na dathanna agus an téacs a athrú.

Thíos fúthu sin, tá nascleanúint phríomhúil an tsuímh, atá roinnte ina cúig thopaic: Fúinn Féin, Ealaíona, Spórt, Turasóireacht agus Foilseacháin.

Faoi sin, roinntear an leathanach ina dhá cholún:

1. An roghchlár ar chlé a athraíonn de réir mar a bhrabhsálann tú tríd ár bhfo-chodanna éagsúla.

2. An colún sa lár (colún an inneachair) ina bhfuil téacs an leathanaigh ar bhrabhsáil tú chuige.

Nascleanúint a dhéanamh ar an suíomh

Tá roinnt "cuaillí eolais" curtha ar fáil againn chun cabhrú leat leathanaigh a úsáid má bhaineann tú úsáid as léitheoir scáileáin. Seo duit roinnt nasc atá le fáil ag barr an leathanaigh, agus an áit a dtéann tú ann trí chliceáil ar na naisc sin:

Struchtúr na gCeannteideal

Tá struchtúr an tsuímh leagtha amach ar bhealach a chuirfidh ar do chumas leas a bhaint as cumas do léitheora scáileán léim chuig ceannteidil. Tosaíonn colún an inneachair le ceannteideal 1, agus tosaíonn colún an roghchláir agus colún na ngnéithe araon le ceannteideal 2. Má tá colún scartha go loighciúil isteach i roinnt codanna éagsúla, tosóidh gach cuid le ceannteideal agus mar sin beidh tú in ann bogadh ar aghaidh tríd an leathanach go héasca.

Zúmáil isteach agus clómhéideanna

Baineann an suíomh seo úsáid as stílbhileoga a chiallaíonn gur féidir méideanna cló a athrú go solúbtha chun freastal do riachtanais úsáideoirí. Cuireann an rogha 'Athraigh Téacs/Dath' gar do thús an leathanaigh ar do chumas an rogha a dhéanamh faoin gcuma a bheidh ar an téacs.

Ina mhalairt dá chás, má tá na clómhéideanna ró-bheag duit, níl ort ach an chlómhéid réamhshocraithe a úsáideann do bhogearraí brabhsálaí gréasáin a mhéadú (mar shampla, in Internet Explorer, is féidir clómhéideanna a athrú sa roghchlár View faoi 'Text Size'). Seans nach n-oibreoidh an ghné seo i gceart sna brabhsálaithe gréasáin uile.

Aicearraí Méarchláir

Is é seo a leanas liosta d'eochracha aicearra a chuireann ar chumas úsáideoirí rochtain a fháil ar naisc ar an suíomh agus ar roinnt cnaipí nó gníomhartha trí eochracha ar a méarchláir a bhrú (ar choinníoll go ligeann a mbogearraí brabhsálaí gréasáin dóibh é sin a dhéanamh). Ag brath ar bhogearraí brabhsálaí gréasáin an úsáideora, de ghnáth brúitear na heochracha seo thíos i gcomhar le heochracha eile cosúil le ALT nó CTRL. Féach ar dhoiciméadúchán do bhrabhsálaí gréasáin chun sonraí breise a fháil.

Leathanach baile - 1
Déan an Nascleanúint a Scipeáil - 2
Nascleanúint na Fo-choda - 3
Cabhair d'úsáideoirí faoi mhíchumas (an leathanach seo) - 4
Mapa Suímh - 5

Formáid PDF

Tá roinnt den fhaisnéis ar an suíomh gréasáin seo curtha ar fáil i bhformáid PDF chun go mbeidh sé níos éasca é a léamh agus a phriontáil as líne. Níl an fhormáid seo inrochtana go héasca ag úsáideoirí faoi mhíchumas. Mar gheall air sin, tá formhór na gcáipéisí curtha ar fáil in HTML inrochtana freisin. Cuirtear an nasc le leagan HTML cáipéise ar fáil in aice leis an nasc leis an leagan PDF de. Déan Acrobat Reader a Íoslódáil

Abair linn é

Má tá aon deacrachtaí agat agus tú ag úsáid an tsuímh seo, abair linn é, le do thoil, trí leas a bhaint as ár bhfoirm aiseolais nó trí theagmháil a dhéanamh linn ar aon cheann de na bealaí liostaithe ar ár leathanach teagmhála.