Cathair Eorpach an Chultúir, 2005

Ar an 8 Eanáir 2005, bhí 100,000 duine ar shráideanna Chorcaí chun tús réim na cathrach mar Chathair Eorpach an Chultúir a cheiliúradh.
Bhí an ócáid tacaithe ag maoiniú ón AE, ó urraitheoirí, ó Chomhairle Cathrach Chorcaí agus ón Rialtas, le cúnamh airgeadais ón Rialtas a bhí cothrom le €7.85m.

Ar feadh 2005, chuir Corcaigh clár iontach de ghníomhaíochtaí cultúrtha ar fáil a chuimsigh raon leathan imeachtaí lena n-áirítear drámaíocht agus damhsa; ailtireacht, dearadh agus amharcealaíona; ceol; spórt; scannáin, meáin agus fuaim; féilte; litríocht, foilseacháin agus comhdhálacha.
Le linn na bliana, d'fhreastail níos mó ná milliún daoine ar ócáidí oifigiúla Chorcaigh 2005.

Tháinig lucht féachana náisiúnta agus idirnáisiúnta chun páirt a ghlacadh i gclár imeachtaí a bhí mar chuid de bhliain an-rathúil. Ag deireadh mhí na Nollag, thug Corcaigh an onóir ar aghaidh chuig an gcathair Ghréagach Patras, a bhí ainmnithe mar Chathair Eorpach an Chultúir do 2006.


Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach ar shuíomh gréasáin Corcaigh - Cathair Eorpach an Chultúir.