Ealaíona

Tá na healaíona ina gcuid lárnach de shaol na hÉireann i gcónaí. Is é cuspóir na Roinne seo creatlach acmhainne, beartais agus reachtaíochta chuí a chur ar fáil chun tacú le spreagadh agus forbairt na nEalaíon in Éirinn, chun go n-uasmhéadófar torthaí eacnamaíocha agus fostaíocht, agus rochtain ar na healaíona agus rannpháirteachas iontu ag gach cuid de shochaí na hÉireann.


Forbhreathnú

Oibríonn an Roinn seo go dlúth leis an gComhairle Ealaíon agus le Bord Scannán na hÉireann chun a chinntiú go gcuirfear straitéisí cuí agus éifeachtúla i bhfeidhm i gcomhar leis an bpobal ealaíonta agus an tionscal scannán.

Is é Cultúr Éireann an comhlacht atá freagrach as Ealaíona agus Ealaíontóirí na hÉireann a chur chun cinn thar lear.


Eagraíocht

An tAonad Ealaíon

Is é cuspóir na Roinne seo creatlach acmhainne, beartais agus reachtaíochta chuí a chur ar fáil chun tacú le spreagadh agus forbairt na nEalaíon in Éirinn.

An tAonad Scannán

Is é beartas na Roinne léiriú scannán na hÉireann a fhorbairt agus a leathnú ar bhealach a dhéanann an toradh don gheilleagar a uasmhéadú, lena n-áirítear trí fhostaíocht a chur ar fáil, agus a léiríonn ár n-ionannas cultúrtha trí mheán scannán.

An tAonad Ceoil

Cuireann an Scéim Méadaithe Gnó do Cheol faoiseamh cánach ar fáil d'infheisteoirí in ealaíontóirí ceoil nó grúpaí ceoil tráchtála nua agus atá ag teacht chun cinn.

Cultúr Éireann

Tá buiséad €3 milliún ag Cultúr Éireann, an ghníomhaireacht náisiúnta chun ealaíona agus ealaíontóirí na hÉireann a chur chun cinn thar lear.


Suímh Ghréasáin Ghaolmhara