Bord Scannán na hÉireann

Athbhunaíodh Bord Scannán na hÉireann i 1993 agus bhí ról ríthábhachtach aige maidir leis an tionscal scannán dúchasach a fhorbairt agus feasacht an phobail ar na tairbhí sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha a bhaineann le scannáin a dhéanamh in Éirinn a mhúscailt.

Is í príomhfheidhm an Bhoird maoiniú forbartha agus léirithe a chur ar fáil do thionscadail scannáin Éireannacha. Cuirtear iasachtaí forbartha ar fáil chun íoc as acmhainní a bhfuil gá leo chun cur ar chumas grúpaí tionscadal ag céim an chláir líníochta a thabhairt chuig an gcéim de thionscadal le taighde agus forbairt chuí déanta air atá réidh chun dul chuig céim an léirithe. Rannchuidíonn iasachtaí léirithe le híoc as an gcostas iarbhír a bhaineann le scannán nó tionscadal scannán faisnéise a léiriú.

Trí na hiasachtaí seo a sholáthar, tá an Bord ag cur na deiseanna ar fáil atá ag teastáil ó dhéantóirí scannán ardchumais Éireannacha atá ag teacht chun cinn agus trí scéimeanna cosúil le "Short Cuts" a chur ar fáil, sheol sé gairmeacha líon maith déantóirí scannán óga Éireannacha. Tugann an Bord tacaíocht do chuideachtaí níos bunaithe freisin chun cabhrú leo scannáin a bhaineann le cultúr na hÉireann agus a bhfuil ionchais tráchtála shuntasacha acu a léiriú.

Faoina sholáthar caipitil, cuireann an Bord maoiniú ar fáil d'oiliúint scannáin, déanta thar ceann an Bhoird ag an gCoiste Náisiúnta Oiliúna do Scannán agus Teilifís arna bhunú faoi reachtaíocht Fás, ar a dtugtar Screen Training Ireland.

Maoiniú Bhord Scannán na hÉireann

Faigheann Bord Scannán na hÉireann maoiniú caipitil agus riaracháin ón Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. Clúdaíonn an deontas caipitil iasachtaí forbartha agus léirithe agus oiliúint.

In 2009, gheobhaidh an Bord €3.023 milliún do chuspóirí riaracháin agus €18.817 milliún do chostais chaipitil.