Alt 481 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997

Nós Imeachta do Dheimhniú Alt 481 ón 01/01/05

Le héifeacht ón 1 Eanáir 2005, ní mór na hiarratais uile ar dheimhniú tionscadail scannáin a chur faoi bhráid Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Beidh ionchur leanúnach ag an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta sna hiarratais uile maidir le bailíochtú inneachar cultúrtha na dtionscadal scannáin a chuirtear isteach le haghaidh deimhnithe.
Cliceáil ar na naisc seo a leanas, le do thoil, chun rochtain a fháil ar shonraí:

Fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim --

Déan na Nótaí Treorach do Léiritheoirí agus Tionscnóirí Scannáin maidir le Deimhniú scannán incháilithe faoi Alt 481 a íoslódáil (MS Word 212KB)

Déan na Nótaí Treorach do Léiritheoirí agus Tionscnóirí Scannáin maidir le: Riachtanais Iar-Dheimhnithe do Chuideachtaí Incháilithe a íoslódáil

Déan an Fhoirm Iarratais do Dheimhniú Tionscadal Scannáin a Íoslódáil

Rialacháin Scannán 2004 (I.R. Uimh. 869 de 2004)

Alt 481 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997

Tugann Alt 481 den Acht Comhdhlúite Cánach, 1997
dreasacht fhioscach do cháiníocóirí chun iad a spreagadh infheistíocht a dhéanamh i léiriú scannán. Ceadaíonn an scéim faoiseamh cánach i ndáil le hinfheistíochtaí i dtionscadail scannáin deimhnithe faoin Acht.

Tagann na hathruithe in Acht Airgeadais 2006 i bhfeidhm.

Anois, tá an Coimisiún Eorpach tar éis aontú leis na feabhsuithe ar scéim alt 481 a ndearnadh foráil dóibh in Acht Airgeadais 2006, agus tá an tOrdú Tosach Feidhme a bhfuil gá leis chun na hathruithe a chur i bhfeidhm sínithe ag an Aire. Mar sin, i ndáil leis na hiarratais uile ar dheimhniú faoin scéim a fhaightear ar an 18 Bealtaine 2006 nó ina dhiaidh:

- Méadaíodh an t-uasmhéid is féidir a thiomsú faoin scéim ó €15m go €35M;

- Méadaíodh uaschéatadán an bhuiséid tionscadail is féidir a thiomsú ó idir 55% - 66% go 80%.

Déan Teagmháil Linn

 

An tAonad Scannán
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
An Fosadh
Cill Airne
Co. Chiarraí.

Achoimre ar Príomhstaidreamh 1994-2001

Achoimre ar Príomhstaidreamh 1994-2005