Ealaíona
Is é cuspóir na Roinne seo creatlach acmhainne, beartais agus reachtaíochta chuí a chur ar fáil chun tacú le spreagadh agus forbairt na nEalaíon in Éirinn, chun go n-uasmhéadófar torthaí eacnamaíocha agus fostaíocht, agus rochtain ar na healaíona agus rannpháirteachas iontu ag gach cuid de shochaí na hÉireann.
Tugann an Roinn tacaíocht chuí don Chomhairle Ealaíon chun cabhrú léi straitéisí ealaíon a chur i bhfeidhm.
De ghnáth, cuirtear maoiniú an Rialtais do na healaíona ar fáil trí mheán na Comhairle Ealaíon; cé go bhfuil an Chomhairle Ealaíon maoinithe ag an Roinn seo, tá sí go hiomlán neamhspleách maidir le maoiniú a leithroinnt agus ní ghlacann an tAire aon pháirt ina maoiniú ná ina cinntí feidhmiúcháin. Cuireann an tAcht Ealaíon 2003 bonn faoi neamhspleáchas na Comhairle sa chomhthéacs seo.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, déan teagmháil le:
An tAonad Ealaíon,
An Roinn Ealaíon, Spóirt & Turasóireachta,
An Bóthar Nua , Cill Airne, Co. Chiarraí
Ealaíona - Teil: (353 ) 064 6627334
Seol facs chuig an Aonad: (353 ) 064 6627350
Seol ríomhphost chuig an Aonad: Artsunit@dast.gov.ie