Stair Ealaín agus Ailtireacht na hÉireann

Ta Acadamh Ríoga na hÉireann ag cur le chéile stair chuimsitheach d'Ealaín na hÉireann i gcúig imleabhar. Is tionscadal náístiúnta é a bhfuil na mórinistitiúidí acadúla agus ealaíne ag comhoibriú ann lena n-áirítear na hollscoileanna, Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha, Dánlann Chathair Bhaile Átha Cliath The Hugh Lane, Gealaraí Ealaíne Chathair Luimnigh, agus na hInstitiúidí Cultúrtha Ealaíne násiúnta. Pléifidh na himleabhair ar leith Ealaín agus Ailtíreacht na Meánaoise c.400 -, Péintéirí agus Péintéireacht 1600 - 1900, Dealbhóirí agus Dealbhóireacht 1600 - 2000, Ailtirí agus Ailtireacht 1600 - 1900, agus Péintéireacht, Déanamh Priontaí, Fótagrafaíocht agus Ealaín Físeáin 1900 - 2000. Beidh suas go dtí 200,000 focal i ngach imleabhar gan níos mó ná 2,500 focal dírithe ar aon ealaíontóir faoi leith. Measctha le chéile leis an téacs beidh híomhánna, daite nó i ndubh agus bán de réir mar is cuí. Cuirfear an foilseachán ar fáil mar bhoscra ina bhfuil na himleabhair ar leith, in eagrán speisialta brontanais agus i bhfoirm leictreonach.