Aonad na nInstitiúidí Cultúrtha- Forbhreathnú
Déanann Aonad Institiúidí Cultúrtha na Roinne iarracht timpeallacht a chruthú a chuirfidh ar chumas na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta fás agus forbairt trí acmhainní airgeadais agus creatlach chuí bheartais a chur ar fáil.
Is iad seo a leanas na hInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta:
An Chartlann Náisiúnta, An Ceoláras Náisiúnta, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Leabharlann Chester Beatty,Áiléar Crawford Corcaigh agus Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann, le cois Gailearaí Náisiúnta na hÉireann a bhfuil a Vóta Státchiste féin aige agus atá freagrach don Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. Déileálann na hinstitiúidí féin go díreach le saincheisteanna a bhaineann le bainistíocht laethúil na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta; déileálann an tAonad seo le saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas ginearálta faoina bhfeidhmíonn siad agus le soláthar acmhainní airgeadais.
Sprioc Bheartais Lárnach
Le go mbeadh sé níos éasca teacht ar na healaíona, ar an gcultúr agus ar earnáil na scannán in Éirinn agus chun an ról sóisialta agus eacnamaíochta atá acu a aithint trí léirithe ealaíona, tuiscint chultúrtha agus rannpháirteachas a chur chun cinn agus a spreagadh. Déanfar é seo trí pholasaithe cuí, creat reachtaíochta agus acmhainní a chur i bhfeidhm agus trí chaipiteal a sholáthar d’Institiúidí Cultúrtha Náisiúnta.
Cuspóirí Tacaíochta
Mionpholasaí comhtháite a fhorbairt a chruthóidh agus a choimeádfaidh rannpháirteachas san earnáil chultúrtha agus a spreagfaidh inrochtaineacht agus rannpháirteachas ag féachaint do pholasaithe Rialtais, AE agus Thuaidh/Theas i measc nithe eile.
Chun dul chun cinn a dhéanamh leis an gclár cultúrtha caipitil laistigh de na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus mar a leagfar amach é san Phlean Forbartha Náisiúnta agus sa Chlár Rialtais.
Éifeachtacht agus caighdeán na meicníochtaí cúitimh a fheabhsú, ar meicníochtaí iad a chuireann tacaíocht Stáit ar fáil don earnáil chultúrtha tríd na struchtúir ghníomhaireachta Stáit éagsúla.
Chun cur leis na bailiúcháin atá sna hinsitiúidí cultúrtha náisiúnta a fheidhmíonn mar ghníomhaireachtaí bailiúcháin agus sa chaoi is go mbeadh sé níos éasca teacht orthu.
Chun freastal ar riachtanais Chomóraidh an Rialtais arna mbunú
faoi choimirce Roinn an Taoisigh.
Saincheisteanna Príomhúla
- Athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht um Chartlann Náisiúnta, 1986;
- Maoirseacht a dhéanamh ar thabhairt chun críche thionscadail chaipitil na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta chun freastal ar a riachtanais chóiríochta agus chun feabhas a chur ar leibhéal agus caighdeán na seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal;
- Straitéisí a fhorbairt agus a bhunú i gcomhairle leis na hinstitiúidí cultúrtha chun aghaidh a thabhairt ar a riachtanais chothabhála agus forbartha caipitil amach anseo;
- Straitéis a chur chun cinn chun Ceoláras Náisiúnta nua-aimseartha a chur ar fáil leis na háiseanna cuí ann;
- Na hinstitiúidí cultúrtha a spreagadh chun a mealltacht don phobal i gcoitinne a uasmhéadú, go háirithe a mealltacht don aos óg, do dhaoine faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus do chuairteoirí ó thar lear.
Reachtaíocht Phríomhúil
An tAcht um Chiste Oidhreachta,
2001
Acht na nInstitiúidí Cultúrtha, 1997
An tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986
An tAcht Doiciméidí agus Pictiúirí, 1945
Na hOrduithe um Acht na
nInstitiúidí Cultúrtha, 1997 (Tosach Feidhme)
Ionstraim Reachtúil (I.R.)
I.R Uimh. 222/1997
I.R. Uimh. 328/1997
I.R. Uimh. 438/1998
I.R. Uimh. 640/2002
I.R. Uimh. 218/2005
I.R. Uimh. 219/2005
I.R. Uimh. 220/2005
I.R. Uimh. 226/2005
Is féidir cóipeanna den reachtaíocht thuas (lena n-áirítear orduithe tosach
feidhme) a bhaineann leis na hInstitiúidí Cultúrtha a fháil ón Oifig Dhíolta
Foilseachán Rialtais nó ar www.irishstatutebook.ie