Faoiseamh Cánach do Thabhartais Oidhreachta
Faoi Alt 1003 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, bíonn faoiseamh cánach ar fáil i ndáil le bronnadh earraí oidhreachta náisiúnta tábhachtacha ar bhailiúcháin náisiúnta na hÉireann. Is éard atá i gceist leis an bhfaoiseamh ná creidmheas cánach cothrom le luach an earra/na n-earraí oidhreachta a bhronntar agus is féidir é sin a chreidiúnú i gcoinne dliteanais chánach áirithe tabhaithe ag an mbronntóir.
Chun críche an fhaoisimh, ciallaíonn earra(í) oidhreachta aon chineál de rud oidhreachta, lena n-áirítear -
aon déantán seandálaíochta, cartlann, leabhar, taifead eastáit, lámhscríbhinn agus péintéireacht, agus
aon bhailiúcháin de nithe cultúrtha, agus aon bhailiúchán de na nithe sin ina suíomh, a mheastar gur cuí iad a bhronnadh ar na bailiúcháin náisiúnta.
Déantar cur síos ar na bailiúcháin náisiúnta mar Chomhlachtaí Ceadaithe faoin reachtaíocht. Is iad sin:
An Chartlann Náisiúnta www.nationalarchives.ie
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann www.nationalgallery.ie
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann www.nli.ie
Ard-Mhúsaem na hÉireann www.museum.ie
Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann www.imma.ie
The Crawford Art Gallery Cork Limited www.crawfordartgallery.ie
Le toiliú an Aire Airgeadais, tá an t-údarás ag an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta comhlachtaí breise a cheadú chun críche an fhaoisimh. Caithfidh comhlachtaí breise dá leithéid a bheith maoinithe go hiomlán nó go príomhúil ag an Stát nó ag údarás poiblí nó áitiúil.
Treoirlínte agus an fhoirm Iarratais á Íosódáil PDF(124kb)
Soláthraíonn an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta Rúnaíocht Scéim na dTabhartas Oidhreachta. Seoladh ríomhphoist: tadhgoshea@dast.gov.ie
