Foilsiú na Tuairisce Luach ar Airgead agus Athbhreithnithe Beartais ar Chlár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil
Tá an Tuairisc Luach ar Airgead agus Athbhreithnithe Beartais ar Chlár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil foilsithe ag an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, Máirtín Ó Cuilinn. Rinne an Roinn Athbhreithniú ar an gClár chun scrúdú a dhéanamh ar roinnt nithe, ina measc, conas a d'éirigh leis an gclár go dtí seo, agus céard iad na hathruithe a bhfuil gá leo chun a chinntiú go seachadfar an clár ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach. Ghlac an tAire le moltaí leathana na tuairisce agus úsáidfear na moltaí sin chun cabhrú le beartas don réimse seo a cheapadh amach anseo agus cuimseofar in aon bhabhta nua den chlár iad.Maidir le feidhmíocht agus éifeachtúlacht an Chláir, fuair an tAthbhreithniú amach go raibh rath ar leith ar an mbabhta reatha den chlár. Faoin mbabhta reatha, tugadh 40tionscadal chun críche agus osclaíodh don phobal iad, tá 6 linn eile ar tugadh maoiniú dóibh á dtógáil ar fud na tíre agus tá 11 linn eile ag céimeanna forbartha éagsúla.
Mhol an Tuairisc gur chóir go mbeadh Clár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil ina ghné shuntasach leanúnach de chlár an Rialtais um bonneagar spóirt. Ó na sonraí atá ar fáil, is léir go bhfuil sé éifeachtúil maidir le rannpháirtíocht ard agus mhéadaitheach sa spórt a ghiniúint. Cuireann sé éifeachtacht bhreise chun cinn maidir le hoibriú linnte freisin mar ceanglaíonn sé ar údaráis áitiúla tástáil inmharthanachta níos treise agus dearadh níos treise a dhéanamh.
Is iad seo a leanas roinnt de na príomh-mholtaí atá sa Tuairisc:
- An t-uasráta deontais do thionscadal nua a mhéadú ó €3.8m go €4m, ach amháin i gcás go bhfuil an tionscadal i gceantar RAPID nó i ndobharcheantar RAPID - sa chás sin beidh an t-uasráta deontais cothrom le €4.5m.
- Maidir le hathchóiriú linne reatha, beidh ráta deontais 80% (nó 90% i gceantar RAPID nó laistigh de dhobharcheantar RAPID) i bhfeidhm, faoi réir uasdeontas €2m.
- Beidh linnte i scoileanna/coláistí a chuireann leibhéal réasúnta de rochtain phoiblí ar fáil incháilithe do dheontas athchóirithe, ag leibhéal i gcomhréir le leibhéal na rochtana poiblí, ar choinníoll go dtacaíonn an t-údarás áitiúil ábhartha leis na tograí agus go gcuirtear na tograí isteach trí mheán an údaráis áitiúil ábhartha (neamh-incháilithe faoin mbabhta reatha)
- Deontas nua €150,000 do sholáthar áiseanna feabhsaithe do dhaoine faoi mhíchumas i linnte reatha nó i linnte atá á dtógáil/á n-atógáil, i gcás go moltar áiseanna feabhsaithe do dhaoine faoi mhíchumas a chur ar fáil.
- An próiseas ceadaithe reatha a athrú chun céimeanna reatha na Tuairisce Indéantachta agus na Réamhthuairisce a chomhtháthú - mar sin, cuirfear iarratas tosaigh amháin ar fáil a bheidh le ceadú ag an Aire. Ar an dul céanna, ba chóir go mbeadh ceadú an Deontais cuimsithe i gceadú na gCáipéisí Conartha, rud a chuirfidh ar chumas an údaráis áitiúil an próiseas Tairisceana a thabhairt chun críche leis féin agus bogadh díreach ar aghaidh chuig céim na tógála.
De réir na Tuairisce tá cúiseanna suntasacha a bhaineann le spórt, áineas agus comhtháthú sóisialta a chiallaíonn gur chóir leanúint ar aghaidh leis an gclár go meántréimhseach; tuigeann an Rialtas é sin agus tá sé tar éis €184m a chur ar fáil don chlár faoi Phlean Forbartha Náisiúnta 2007 - 2013.
Tá cóip den tuairisc ar fáil anseo Clár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil i bhformáid PDF
Clár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil
Cuirtear deontais ón Státchiste ar fáil d'údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí tacaithe ag údaráis áitiúla chun cabhrú leo íoc as an gcostas a bhaineann le linnte snámha nua a sholáthar nó linnte reatha a athchóiriú. Ba é an 31ú Iúil 2000 an dáta deiridh le hiarratais a fháil faoin gClár reatha, agus ó shin déileáladh nó táthar ag deileáil fós le 57 iarratas. Tugadh Tuairisc Luach ar Airgead agus Athbhreithnithe Beartais ar Chlár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil chun críche agus foilsíodh í. Rinne an Roinn Athbhreithniú ar an gClár chun scrúdú a dhéanamh ar roinnt nithe, ina measc, conas a d'éirigh leis an gclár go dtí seo, agus céard iad na hathruithe a bhfuil gá leo chun a chinntiú go seachadfar an clár ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach. Úsáidfear na moltaí sa Tuairisc chun cabhrú le beartas don réimse seo a cheapadh amach anseo agus cuimseofar in aon bhabhta nua den chlár iad.
Leibhéil Deontais
Faoi Chlár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil, cuirtear deontais d'uasluach €3.8 milliún ar fáil chun íoc as athchóiriú linnte reatha nó soláthar linnte nua, faoi choinníoll nach mbeidh an deontas iomlán cothrom le níos mó ná 80% de chostas incháilithe an tionscadail, nó i gcás tionscadal suite i gceantair ainmnithe faoi mhíbhuntáiste, 90% den chostas incháilithe.
Caighdeáin Tógála
Ní mór linnte a thógáil de réir na gcaighdeán leagtha síos i Nósanna Imeachta agus Treoirlínte Teicniúla na Roinne do Phleanáil, Faomhadh agus Maoiniú Linnte Snámha - tá cóipeanna de na Treoirlínte ar fáil, ar iarratas, ón Aonad Spórt, An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, An Bóthar Nua, Cill Airne.
Má tá tuilleadh faisnéise ar Chlár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil ag teastáil uait, is féidir leat dul i dteagmháil linn:
An Roinn Ealaíon,
Spóirt agus Turasóireachta
Clár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil
An Bóthar Nua
Cill Airne
Co. Chiarraí.
Teileafón: (+353 64) 6627357 / 6627353
Íosghlao: 1890 273000 folínte 7357 / 7353
