Deontais agus Maoiniú

Tá roinnt cáipéisí i bhformáid PDF

Déan Acrobat Reader a Íoslódáil

Tá an Roinn i gceannas ar dhá chlár deontais: An Clár Caipitil Spórt agus Clár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil. Tá an Chomhairle Náisiúnta Spóirt freagrach as riaradh na Scéime Deontais do Cheann-Eagraíochtaí Náisiúnta Spóirt

Clár Caipitil Spórt 2008

Cuireann an Clár Caipitil Spórt, atá maoinithe le hairgead ón gcrannchur, agus a fhógraítear ar bhonn bliantúil, maoiniú ar fáil do thionscadail de chineál caipitil a bhaineann go díreach le soláthar áiseanna spórt. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an tionscadal a bheith bainteach le ceann de na nithe seo a leanas:

  • sócmhainn a fheabhsú nó a thógáil; nó
  • trealamh spórt neamhphearsanta a cheannach a bheidh in úsáid ar feadh cúig bliana ar a laghad.

Féadtar maoiniú faoin gclár a leithroinnt ar na heagraíochtaí seo a leanas:

Féadtar maoiniú faoin gclár a leithroinnt ar na heagraíochtaí seo a leanas:

  • eagraíochtaí deonacha agus pobail, lena n-áirítear clubanna spórt;
  • ceann-eagraíochtaí náisiúnta spóirt agus institiúidí oideachais tríú leibhéal nuair is léir go gcuirfidh an áis mholta leis an mbonneagar spóirt réigiúnach agus/nó náisiúnta; agus
  • i gcúinsí áirithe, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, coistí gairmoideachais agus údaráis áitiúla (féach na Treoirlínte, Téarmaí agus Coinníollacha a ghabhann le Clár 2008 le haghaidh tuilleadh faisnéise)

Fógraíodh Clár Caipitil Spórt 2008 sa phreas náisiúnta ar Dé Domhnaigh, an 13ú agus Dé Luain an 14ú Eanáir 2008. Bhí iarratais le bheith istigh faoi 5pm ar Dé hAoine, an 19ú Feabhra 2008 i gcás iarratas ar pháipéar, agus faoi 5pm, Dé hAoine an 7ú Márta i gcás iarratas déanta trí chóras iarratais ar líne na Roinne. Ní bhreithneofar iarratais a fhaightear i ndiaidh na spriocdhátaí sin

Mar eolas duit, is féidir an fhoirm iarratais agus na treoirlínte, téarmaí agus coinníollacha a ghabhann le Clár 2008 a íoslódáil thíos:

 

(Ní mór go mbeidh Adobe Acrobat Reader suiteáilte ar do ríomhaire chun na cáipéisí seo a fheiceáil agus a phriontáil. Tá an Reader sin ar fáil saor in aisce ó shuíomh gréasáin Adobe).

 


2008 Treoirlínte, Téarmaí agus Coinníollacha i bhformáid PDF : Leagan Word


Foirm Iarratais 2008 i bhformáid PDF : Leagan Word

Líon an fhoirm seo isteach i mBLOCLITREACHA le do thoil.

 

Tionscadail i gCeantair CLÁR


I gcás go mbaineann iarratas le tionscadal suite i gceantar tacaithe ag an gclár CLÁR, ní mór litir ón údarás áitiúil a chur ar fáil leis an iarratas a luann ainm agus uimhir na Toghroinne (a bhí ina DED cheana) ina bhfuil an tionscadal suite.

Liosta de Thoghranna CLÁR i bhformáid pdf

 

Má tá tuilleadh faisnéise ar an gClár Caipitil Spórt ag teastáil uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn:

 

 

An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
An tAonad Caipitil Spórt
An Bóthar Nua
Cill Airne
Co. Chiarraí.

Teileafón: (+353 64) 6627372 / 6627338 / 6627304 / 6627369

Íosghlao: 1890 273000

Seoladh Ríomhphoist: sportsunit1@dast.gov.ie

 

Clár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil

Cuirtear deontais ón Státchiste ar fáil d'údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí atá tacaithe ag údaráis áitiúla chun cabhrú leo íoc as an gcostas a bhaineann le linnte snámha nua a sholáthar nó linnte reatha a athchóiriú. Ba é an 31ú Iúil 2000 an dáta deiridh le hiarratais a fháil faoin gClár reatha, agus ó shin déileáladh nó táthar ag deileáil fós le 57 iarratas. Tá sé de rún ag an Aire Clár Linn Snámha nua do na hÚdaráis Áitiúla a sheoladh a luaithe agus is féidir i ndiaidh fhoilsiú an Athbhreithnithe ar Chaiteachas atá á thabhairt chun críche i láthair na huaire.

Leibhéil Deontais

Faoi Chlár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil, cuirtear deontais d'uasluach €3.8 milliún ar fáil chun íoc as athchóiriú linnte reatha nó soláthar linnte nua, faoi choinníoll nach mbeidh an deontas iomlán cothrom le níos mó ná 80% de chostas incháilithe an tionscadail, nó i gcás tionscadal suite i gceantair ainmnithe faoi mhíbhuntáiste, 90% den chostas incháilithe.

Caighdeáin Tógála

Ní mór linnte a thógáil de réir na gcaighdeán leagtha síos i Nósanna Imeachta agus Treoirlínte Teicniúla na Roinne do Phleanáil, Faomhadh agus Maoiniú Linnte Snámha - tá cóipeanna de na Treoirlínte ar fáil, ar iarratas, ón Aonad Spórt, An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, An Fosadh, Cill Airne.

 

Má tá tuilleadh faisnéise ar Chlár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil ag teastáil uait, is féidir leat dul i dteagmháil linn:

 

An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
Clár Linn Snámha na nÚdarás Áitiúil
An Fosadh
Cill Airne
Co. Chiarraí.

Teileafón: (+353 642) 7352 / 7353

Íosghlao: 1890 273000 folínte 7352 / 7353