An Oifig Preasa agus Faisnéise
Cuireann an Oifig Preasa & Faisnéise beartais, gníomhaíochtaí agus éachtaí na Roinne chun cinn i measc na meán cumarsáide agus i measc an phobail i gcoitinne. Tá sí freagrach as preaseisiúintí agus óráidí a ullmhú agus a scaipeadh ar na meáin chumarsáide, agus as na preaseisiúintí sin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Déileálann an Oifig le fiosrúcháin ó na meáin chumarsáide faoi chúrsaí taobh istigh de shainchúram na Roinne, agus le fiosrúcháin ghinearálta ón bpobal faoi sheirbhísí atá curtha ar fáil ag an Roinn. Ar iarratas, eisíonn sí cóipeanna d'fhoilseacháin na Roinne.
Sonraí Teagmhála:
An Oifig Preasa &
Faisnéise
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
Sráid Chill Dara
BÁC 2
Éire
Teil: (+353 1) 631 3807 / 3838
Facs: (+353 1) 661 1201
Seoladh ríomhphoist: pressoffice@dast.gov.ie