Press Release

Print

17/02/2010

Minister Cullen launches 2010 St Patrick’s Festival

Seolann an tAire Ó Cuilinn Féile Lá Pádraig 2010

“Deis chun taitneamh a bhaint as an gceiliúradh comhaimseartha is fearr ar an gceol, ar an oidhreacht, ar an gcultúr agus ar an bpobal Gaelach”

 

Sheol an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, Máirtín Ó Cuilinn, T.D., an clár d’Fhéile Lá Pádraig 2010 go hoifigiúil inniu (Dé Céadaoin 17 Feabhra, 2010). Beidh raon leathan de shiamsaíocht saor in aisce lena n-áirítear cineálacha éagsúla ceoil, amharclann sráide, damhsa agus gníomhaíochtaí don teaghlach ag gabháil leis an bhféile bhliantúil a thosóidh ar an 12 Márta, a mhairfidh ar feadh sé lá, arb í seo an 15ú bliain di ar an bhfód, agus a chríochnóidh le paráid na féile náisiúnta, Paráid Lá ‘le Pádraig, sa phríomhchathair.

 

Maidir leis na himeachtaí a bheidh ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, tionólfar Skyfest, taispeántas tinte ealaíon de chuid an Chrannchuir Náisiúnta, in aice le Caisleán Luimnigh, Luimneach ar an Satharn an 13 Márta. Beidh sé ar cheann de bhuaicphointí chlár Fhéile an Earraigh i Luimneach ar a mbeidh amharclann sráide, feis, margaí agus paráid bannaí idirnáisiúnta chomh maith.

 

Dúirt an tAire Ó Cuilinn agus clár na Féile 2010 á sheoladh aige: “Tugann Féile Lá Pádraig deis dúinn gach bliain taitneamh a bhaint as an gceiliúradh comhaimseartha is fearr ar an gceol, ar an oidhreacht, ar an gcultúr agus ar an bpobal Gaelach, bíonn ‘tréithe na nGael’ ag roinnt leis – agus bronntar an gradam ‘ Gaeil oinigh’ orainn ar an lá ar an gcuid is mó de na hilchríocha. Léirítear íomhá an-dearfach d’Éirinn; Éire atá tugtha isteach sa saol nua-aimseartha agus a bhfuil athrú as riocht tagtha uirthi, ach fós Éire ar éirigh léi greim a choinneáil ar an gcuid is fearr dá cultúr agus dá traidisiúin.

 

“Is féile í Féile Lá Pádraig atá fiúntach don tír ach atá an-fhiúntach don tionscal turasóireachta atá againn. Bíonn an clúdach dearfach a fhaigheann an Fhéile sna meáin le feiceáil sna príomh-mhargaí idirnáisiúnta turasóireachta atá againn san am den bhliain a mbíonn an tsaoire bhliantúil á beartú ag go leor daoine. Tá sé á bheartú ag Fáilte Ireland agus ag Tourism Ireland líon suntasach de mheáin choigríche a mhealladh go hÉirinn le haghaidh na hócáide arís i mbliana,” arsa an tAire agus é ag cur lena chuid cainte.

 

Bhunaigh an Rialtas Féile Lá Pádraig sa bhliain 1995. Ba í an phríomhaidhm a bhí léi ó tionscnaíodh í mórfhéile bhliantúil idirnáisiúnta a fhorbairt bunaithe ar lá saoire náisiúnta na hÉireann. “Le fírinne is ceiliúradh domhanda é ceiliúradh Lá Pádraig sa lá atá inniu ann mar go n-eagraítear imeachtaí ar fud fad na cruinne ón Astráil go dtí an Áise go dtí an Eoraip agus, ar dóigh, i Meiriceá,” arsa an tAire. Ó tharla gur ócáid choitianta í lena ceiliúradh i gcodanna eile den domhan, is cuí go bhfuiltear tar éis í a athbheochan chomh mór sin inár dtír féin. Déanaim comhghairdeas leis na daoine go léir a raibh baint acu le rath na Féile agus áirím Cathaoirleach na Féile, David Harvey, agus an Príomhfheidhmeannach, Susan Kirby, orthusan.”

 

Tacaíonn an cáiníocóir le Féile Lá Pádraig trí bhíthin an chláir, Féilte & Imeachtaí, atá ag Fáilte Ireland agus faightear a thuilleadh tacaíochta ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Is é an Crannchur Náisiúnta urraitheoir teidil Skyfest. Áirítear Foras na Gaeilge agus Fionn an Eolaíocht agus an Innealtóireacht ar an gcuid eile den lucht maoinithe. Áirítear Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa i measc na n-urraitheoirí nua i mbliana. “Achoimríonn gluaiseacht an chomhair chreidmheasa spiorad an chomhoibrithe a bhí riamh anall in Éirinn, agus léirítear é san iarracht mhór dheonach a chuirtear isteach ina lán de na gnéithe a bhaineann le Féile Lá Pádraig,” arsa an tAire Ó Cuilinn mar fhocal scoir.

 

CRÍOCH

Eisithe ag Michelle Hoctor, 087 8563070 / Therese O’Connor 087 2908193

Féach ar www.stpatricksfestival.ie chun na sonraí iomlána a fháil.