Press Release

Print

23/02/2010

Statement: 23 February 2010

Ráiteas : 23 Feabhra 2010

 

 

 

Eugene Lambert - “seanchaí nádúrtha a raibh an lucht éisteachta óg a bhíodh aige ábalta taitneamh agus ciall a bhaint as a fhocail”

 

Ráiteas ón Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, Máirtín Ó Cuilinn, TD.

 

 

“Goilleann sé orm a chloisteáil gur bhásaigh Eugene Lambert agus déanaim comhbhrón ó chroí lena bhean chéile Mai agus lena chlann.

 

“Bhí Eugene Lambert ina mháistir ar cheird na puipéadóireachta agus níl sárú Eugene le fáil in amharclannaíocht na hÉireann, de dheasca an chaighdeáin agus na huathúlachta a bhain lena chuid oibre mar phuipéadóir agus mar bholgchainteoir agus de dheasca an achair a chaith sé leis an obair.

 

“Ba é Eugene Bunaitheoir agus Stiúrthóir an Lambert Puppet Theatre agus uaidhsean a tháinig an spreagadh Féile Idirnáisiúnta Puipéad a bhunú i mBaile Átha Cliath. Thuill an fhéile, an t-aon fhéile in Éirinn a bhí ann go speisialta le haghaidh amharclann ghairmiúil phuipéad, meas mór go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta faoina stiúir in imeacht na mblianta mar go mbíodh seónna do theaghlaigh agus do leanaí ar siúl lena linn ag scoth na gcompántas gairmiúil.

 

“Bheoigh agus mheall Amharclann na bPuipéad a bhí aige i mBaile na Manach sliocht agus sinsir. Seanchaí nádúrtha ab ea Eugene agus bhí an lucht éisteachta óg a bhíodh aige ábalta taitneamh agus ciall a bhaint as a fhocail.

 

“Mairfidh oidhreacht Eugene beo mar go bhfuil an fhéith ina chlann. Shaibhrigh Eugene Lambert saol daoine fásta agus leanaí trí bhíthin na hoibre nach ligfear i ndearmad. Rinne sé an obair sin le tacaíocht a mhná céile Mai agus a chlainne ina Amharclann féin, sna camchuairteanna a thugadar timpeall na tíre; agus i gCeabairé Óstán Jury agus ar feadh na mblianta fada ar theilifís RTÉ.

 

“Aireoimid uainn go mór é. Suaimhneas síoraí dá anam.”

 

CRÍOCH