Forbhreathnú

Thar na blianta, chuir eagraíochtaí spóirt agus saorálaithe bonn faoin Spórt in Éirinn. Ní mór dúinn cur leis an oidhreacht seo chun ár saolta a shaibhriú, mar rannpháirtithe gníomhacha agus mar thír a thuigeann an luach a bhaineann le hionannas beoga an phobail áitiúil agus éachtaí ár laochra spóirt.

Baineann an náisiún tairbhí eile as spórt agus áineas - tairbhí eacnamaíocha i dtéarmaí turasóireachta spórt agus deiseanna fostaíochta mar thoradh ar fhás san earnáil, agus tairbhí sóisialta mar gheall ar shláinte fhisiceach, meabhairshláinte agus dea-bhraistint níos fearr.

Bíonn ról speisialta ag an spórt maidir le dul i ngleic le fadhbanna cosúil le mí-úsáid drugaí, coireacht agus eisiatacht shóisialta freisin, go háirithe i measc daoine óga le cónaí orthu in áiteanna faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch.

Tá an fhorbairt d'ardfheidhmíocht i spórt na hÉireann ar ghné phríomhúil eile den straitéis spórt náisiúnta fhoriomlán. Soláthraíonn ardfheidhmíocht i spóirt, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, bunaithe ar fhealsúnacht spóirt atá saor ó dhrugaí, eiseamláirí dearfacha agus cuireann sí feabhas ar ár mbraistint de ghnóthachtáil náisiúnta agus ar íomhá na hÉireann thar lear.

Mar sin, is é sprioc na Roinne:
Rannpháirtíocht agus spéis i spórt a mhéadú, caighdeáin feidhmíochta a fheabhsú agus áiseanna spórt a fhorbairt ag an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, ag cur le stíleanna maireachtála níos sláintiúla agus cáilíocht beatha fheabhsaithe tríd is tríd, trí mheán creatlach beartais agus acmhainní na Roinne i gcomhpháirtíocht lena cuid Gníomhaireachtaí, le Ranna Rialtais eile agus leis na Ceann-Eagraíochtaí Náisiúnta Spóirt.