Cláir Oibriúcháin Réigiúnacha - Mórthionscadail Áiseanna Spórt

Is tionscnamh deontais é fo-bheart áiseanna spórt agus áineasa an dá Chlár Oibriúcháin Réigiúnacha den Phlean Forbartha Náisiúnta (2000-2006), clár Réigiún na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair agus clár Réigiún an Deiscirt agus an Oirthir. Tá sé d'aidhm ag an bhfo-bheart seo clár de mhórthionscadail áiseanna spórt a fhorbairt a bheidh dírithe de réir ord tosaíochta na gceantar aitheanta faoin Straitéis Spáis Náisiúnta.

Ní thabharfar aon chuirí chun iarratais a dhéanamh faoi fho-bheart na n-áiseanna spórt agus áineasa in 2007. Déanfar an t-ábhar a athmheasúnú i gcomhthéacs na forbartha de phlean straitéiseach d'áiseanna spórt ag an Roinn.