Dámhachtainí Náisiúnta do Shaorálaithe i Spórt na hÉireann
Sraith chúil: John Flynn, Michael Logue, Harry Brooks, Paddy O'Brien agus
Eric Reilly
Sraith thosaigh: Kathleen Sythes, Ronnie Delany, Minister O'Donoghue, Carmel
Winkelmann agus Elizabeth Foley.
Reáchtáladh an chéad searmanas do Dhámhachtainí Náisiúnta do Shaorálaithe i Spórt na hÉireann ar Dhéardaoin, 25ú Eanáir 2007. Aithníodh ochtar don mhéid iontach a bhí déanta go saorálach acu ar son a gclubanna, a spórt roghnaithe agus a bpobail. Bhronn an tUasal John O'Donoghue, T.D., Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, duais deartha go speisialta ar na buaiteoirí uile i dTeach Farmleigh, Baile Átha Cliath.
Seoladh an scéim i mí Iúil na bliana seo caite chun aitheantas agus onóir náisiúnta a thabhairt do shaorálaithe i spórt na hÉireann. Iarradh ar chlubanna agus ar spóirt daoine a ainmniú a thug seirbhís shaorálach rí-luachmhar dá spórt roghnaithe. Roghnaigh Coiste Roghnaithe a raibh an tUasal Ronnie Delaney, buaiteoir bonn óir sa Chluichí Oilimpeacha, ina chathaoirleach air an t-ochtar buaiteoirí.
Is iad seo a leanas an t-ochtar buaiteoirí: John Flynn do Lúthchleasaíocht, Paddy O'Brien do Chluichí Gaelacha, Harry Brooks do Rugbaí, Eric Reilly do Shacar, Carmel Winkelmann do Sheoltóireacht, Michael Logue do Chluichí Pobail, Kathleen Sythes do Sciáil agus Elizabeth Foley do na Cluichí Oilimpeacha Speisialta.
Agus é ag labhairt faoi na Dámhachtainí, dúirt an tAire O'Donoghue: "Tá áthas orm aitheantas a thabhairt do ról ríthábhachtach na saorálaithe sa spórt agus an ráthaíocht atá tuillte go maith ag an ochtar buaiteoirí a cheiliúradh. Tugann díograis, dílseacht agus tiomantas gan teorainn na mbuaiteoirí inspioráid do ghlúine daoine atá ag glacadh páirte sa spórt agus is eiseamláir iad dúinn uile. Gan saorálaithe, ní bheadh sé indéanta cláir spóirt a chur ar fáil in Éirinn agus is ceart go bhfuil scéim dámhachtainí náisiúnta againn anois a thugann aitheantas, ní hamháin don mhéid iontach a dhéanann siad ar son a gclubanna, ach don mhéid a dhéanann siad ar son na sochaí uile.
Tá sé d'aidhm ag an scéim dámhachtainí nua próifíl an tsaorálaíochais in Éirinn a ardú, agus tá súil agam go dtabharfaidh na dámhachtainí spreagadh do shaorálaithe reatha agus don lucht is féidir leo cabhair a thabhairt tríd a gcuid ama, tacaíochta nó taithí a chur ar fáil d'fhorbairt leanúnach an spóirt in Éirinn."
Preaseisiúint Iomlán lena n-áirítear beathaisnéisí bhuaiteoirí na ndámhachtainí
Óráid an Aire O'Donoghue ag an Searmanas Dámhachtainí