Cód Cleachtais - Saoráil Faisnéise

Tá roinnt cáipéisí i bhformáid PDF

Déan Acrobat Reader a Íoslódáil

Cód Cleachtais maidir le Saoráil Faisnéise do Chomhlachtaí Feidhmithe Thuaidh/Theas agus Turasóireacht Éireann Teo.

Forálann Comhaontú na Breataine-na hÉireann do dhréachtú Cód Cleachtais ar Shaoráil Faisnéise ag Airí Éireann agus Airí Thuaisceart Éireann le freagracht as saoráil faisnéise i ndáil leis na Comhlachtaí Thuaidh/Theas, cód cleachtais a bheidh ceadaithe ansin ag an NSMC. Ullmhaíodh dréacht den Chód agus is féidir teacht air anseo thíos. Níl an Cód reachtúil, agus dréachtaíodh é ag féachaint do na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003 in Éirinn agus Freedom of Information Act, 2000 sa Ríocht Aontaithe.

Éascaíonn an Cód rochtain phoiblí ar fhaisnéis i seilbh na sé Chomhlacht Feidhmithe Thuaidh/Theas agus Thurasóireacht Éireann Teo. ar roinnt bealaí éagsúla. Déanann sé foráil gur chóir do gach comhlacht cineálacha áirithe faisnéise a bhaineann lena chuid feidhmeanna, struchtúr, eagraíochta agus seirbhísí a fhoilsiú, in éineacht le cur síos ginearálta ar an gcineál faisnéise i seilbh an chomhlachta sin. Leagann sé amach an próiseas aris féidir le ball an phobail é a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis i seilbh comhlachta, na bearta ar gá do chomhlacht iad a chur i bhfeidhm chun déileáil le hiarratas dá leithéid agus an tréimhse ama ar chóir do chomhlacht freagairt d'iarratas laistigh di, de ghnáth. Cuimsíonn an Cód áis a chuireann ar chumas bhall an phobail ráiteas a fháil faoi na cúiseanna a rinne comhlacht gníomh a chuaigh i gcion ar an duine sin.

Leagann Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCód na catagóirí d'fhaisnéis dhíolmhaithe; má tá an fhaisnéis a iarrtar i gcatagóir a liostaítear i gCuid 1 den Iarscríbhinn, níl aon dualgas ar an gcomhlacht an fhaisnéis a scaoileadh. Má tá an fhaisnéis a iarrtar i gcatagóir a liostaítear i gCuid 2, ní mór don chomhlacht scrúdú leas pobail a dhéanamh agus cinneadh á dhéanamh aige cibé ar chóir nó nár chóir an fhaisnéis a scaoileadh.

Déanann an Cód foráil do mheicníocht athbhreithnithe inmheánach do chinntí atá déanta ag an gcomhlacht faoin gCód.

Sula gcuirfear an Cód faoin gComhairle Aireachta Thuaidh/Theas (NSMC) le haghaidh ceadaithe fhoirmiúil, beidh an Cód ar fáil don phobal chun gur féidir le daoine tuairimí a thabhairt faoi. Tá sé beartaithe go mbeidh an tréimhse chomhairliúcháin sin ar siúl ar feadh sé seachtaine déag agus go gcríochnóidh sí ar an 7 Deireadh Fómhair 2005. Nuair a bheidh an tréimhse chomhairliúcháin críochnaithe, déanfar na tuairimí uile a gheofar a bhreithniú agus ansin cuirfear leagan deiridh faoi bhráid an NSMC le haghaidh faofa.

Le linn na tréimhse comhairliúcháin, beidh an Cód i bhfeidhm ag na Comhlachtaí Thuaidh/Theas agus Turasóireacht Éireann ar bhonn treoirscéime. Déileálfar le hiarratais a gheobhaidh na Comhlachtaí le linn na tréimhse sin laistigh de chreatlach an dréacht-Chóid. Toisc go mbeidh na Comhlachtaí uile ag úsáid thréimhse na treoirscéime chun ullmhúcháin a dhéanamh d'fheidhmiú iomlán an Chóid níos déanaí i mbliana, féadfar a bheith solúbtha maidir le tráthúlacht agus forálacha eile a bhaineann le láimhseáil iarratas sa Chód.

Má theastaíonn uait nó ó d'eagraíocht aon tuairimí a thabhairt faoin gCód Cleachtais, seol do thuairimí chuig:

code.secretariat@dfa.ie
execomm.secretariat@ofmdfmni.gov.uk

Déan an Cód Cleachtais a íoslódáil i bhformáid PDF (177Kb).