Grúpa Athnuachana na Turasóireachta

Some documents are in PDF format

Download Acrobat Reader

Nuacht is déanaí

D'fhógair an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta i mí na Nollag 2008 go raibh an grúpa ardleibhéil, Grúpa Athnuachana na Turasóireachta, á bhunú aige faoi chathaoirleacht Maurice Pratt, Uas., chun athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis turasóireachta na hÉireann faoi mar atá leagtha amach in ‘New Horizons for Irish Tourism: an Agenda for Action 2003 – 2012’ agus í a athnuachan, dá mba chuí.

Déanfaidh Grúpa Athnuachana na Turasóireachta an beartas reatha turasóireachta agus na tosaíochtaí cláir a scrúdú, i bhfianaise na ndúshlán atá os comhair earnáil na turasóireachta. Tuairisceoidh siad chuig an Aire sa bhliain 2009 agus beidh an Creat don Ghníomh a bheidh á mholadh acu leis an tuarascáil. Leagfar amach sa chreat seo na príomhghníomhartha a bheidh le glacadh ar mhaithe lena chinntiú go leanfaidh an turasóireacht uirthi mar cheann de mhórthionscail na hÉireann mar aon leis na straitéisí riachtanacha chun forás inbhuanaithe thionscal turasóireachta na hÉireann a chothabháil san fhadtéarma.

Beidh na prionsabail bhunúsacha agus na spreagthaí straitéiseacha atá leagtha amach in New Horizons ina mbonn don Ghrúpa agus iad i mbun oibre. Tá beartas agus tosaíochtaí cláir, gníomhartha agus spriocanna á scrúdú acu, agus iad ag féachaint go speisialta do:

  • athruithe sa mhargadh turasóireachta agus taistil go hidirnáisiúnta, agus na himpleachtaí a bheadh acu sin d’Éirinn;
  • feidhmíocht thurasóireacht na hÉireann ón mbliain 2003 i leith; agus
  • beartas thurasóireacht na hÉireann, an comhshaol oibriúcháin, agus gnó, agus forbairtí den sórt seo a leanas a thit amach le déanaí a thabhairt faoi deara:
  • na cúinsí eacnamaíocha fíordhúshlánacha atá ar fud an domhain agus sa tír féin
  • an cúlú géar a tháinig ar airgeadas poiblí agus na himpleachtaí a bhaineann leis i dtéarmaí cánach chomh maith le hinacmhainneacht agus luach ar airgead i gcaiteachas poiblí, agus
  • Ráiteas an Rialtais: Ag Cur Athrú ar Sheirbhísí Poiblí.
  •  

    Cúlra

    I mí na Nollag 2002, cheap an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta Grúpa Athbhreithnithe an Bheartais Turasóireachta chun

  • Na gnéithe príomhúla de straitéis chun forbairt inbhuanaithe bhreise a dhéanamh ar thurasóireacht in Éirinn a aithint, straitéis a bheadh treoraithe ag an tionscal agus ag an Rialtas araon, i bhfianaise na measúnachta ar fheidhmíocht agus tionchar eacnamaíoch na hearnála le deich mbliana anuas agus
  • Moltaí agus gníomhartha a shonrú, don tionscal agus don earnáil phoiblí, chun an straitéis sin don todhchaí a chur i bhfeidhm.
  •  

    I mí Mheán Fómhair 2003, foilsíodh tuarascáil deiridh an Ghrúpa seo, New Horizons for Irish Tourism: An Agenda for Action, a leag amach straitéis do Thurasóireacht na hÉireann ó 2003-2012. Is féidir féachaint ar An Tuarascáil Deiridh (formáid pdf, 1.4 meigibheart) agus ar an Achoimre Feidhmiúcháin (formáid pdf, 465 meigibheart) ar líne, nó is féidir iad a íoslódáil.Chuir an grúpa tuarascáil eatramhach i dtoll a chéile i mBealtaine na bliana 2003 agus tá sí seo ar fáil ar leathanach na bhfoilseachán ar shuíomh gréasáin na Roinne.

    I mí Eanáir 2004, ceapadh Grúpa Feidhmithe an Phlean Gníomhaíochta Turasóireachta (TAPIG) chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na moltaí cuimsithe i dtuarascáil New Horizons agus chun dul chun cinn a mheasúnú agus a thuairisciú. I mí an Mhárta 2006, chuir TAPIG a thríú tuairisc dul chun cinn, a bhí mar a thuairisc deiridh, faoi bhráid an Aire. Sa tuairisc seo, luaigh an Grúpa go raibh dul chun cinn maith déanta ar 82% de mholtaí an Ghrúpa Athbhreithnithe faoi dheireadh 2005. Tá na trí thuairisc dul chun cinn ar fáil ar leathanach foilseachán na Roinne.

    I mí na Bealtaine 2006, ceapadh Grúpa Feidhmithe na Straitéise Turasóireachta (TSIG) ar feadh tréimhse dhá bhliain, agus an dualgas a bhí air ná comhairle a chur ar an Aire faoi chur i bhfeidhm mholtaí na tuarascála New Horizons a bhí fós le cur i bhfeidhm agus oibriú leis an tionscal turasóireachta agus Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile chun aghaidh a thabhairt ar roinnt réimsí príomhúla.Tá Tuarascáil Ghrúpa Forfheidhmithe Straitéis na Turasóireachta le fáil ar leathanach na bhfoilseachán ar shuíomh gréasáin na Roinne.

    Chun liosta na baill a léamh Athbhreithniú ar Bheartas Turasóireachta